Gleanntáin Ghlas’ GhaothDobhair
Eoin Ward Officer Board Relates His Experience of Life In the Gaelteacht Having Won A PNA Scholarship
by Eoin Ward Private / Voluntary Hospital Rep

Gleanntáin  Ghlas’ GhaothDobhair

Ar mo rothar a bhí mé agus mé tuirseach tréachta, ag déanamh an turais ‘na scoile  i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Stop me ag Siopa Mhicí chun sos a thógáil. Le linn domh bheith ag ithe m’uachtar reoite smaoinaigh mé ar na laethanta fadó a chaith mé sa Ghaeltacht mar bhuachaill óg. Ní raibh rudaí  comh difriúil sin ag an am, mar a deirtear de ghnáth, ach bhí mé féin difriúil. Cinnte ní raibh suim agam sa Ghaeilge, bhí cúrsaí  níos tábhachtaí le plé ar feadh trí seachtaine! Ach ar ndóigh, sin fadó fadó.

Tar éis na mblianta seo, is féidir liom anois ár dteanga náisuinta a mholadh. Is cuma liom anois faoin ‘arracht uafar’ sin darb ainm “an tuiseal ginideach”. Mar gheall ar an tuiscint níos fearr atá agam le déanaí ar ár gcultúr, ár stair, ár dtraidisiúin agus ár bhféiniúlacht, is féidir liom anois taitneamh a bhaint as na “cúpla focail” gan aon bhrú.  Le sin, is rud speisialta í chun am a chaitheamh sa Ghaeltacht  arís, go háirithe i gceantar Ghaoth Dobhair- ceantar an Earagail Aird, Oileán Ghabhla , Bád Eddie agus  Clannad ar ndóigh!

Grúpa iontach measctha  a bhí ag freastal ar an chúrsa liom- ón leibhéal Gaeilge a bhí acu go dtí an leibhéal Béarla. Bhí fear amháin ann ó Pharis  nach raibh móran béarla aige agus fear eile ó New Jersey agus Gaeilge líofa  ghalánta ag an bheirt acu! Bhí an t-ádh orm  go raibh mé in ann a dhul ar ais go dtí an Ghaeltacht tar éis na mblianta seo go léir agus tá buíochas mór le gabháil leis an PNA as ucht an chranchuir  bhliantúil a bhuaigh mé.

Bhí seachtain den scoth agam i nGaothDobhair agus tá mé ag tnúth go mór anois  le mo thuras  ar  ais…

“D’fhág mé slán ar feadh seal, ag Dún nan Gall,

‘s  ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.”

Facebook Twitter LinkedIn Del.icio.us Digg
In This Issue
A Message From The General Secretary
Overwhelming Vote In Favour of Industrial Action
Contributions From Members of The Officer Board
IR Queries Answered
Get Up, Stand Up… St. Patrick’s Mental Health Services
Pension Matters
Decongregated Settings
Horatio Congress 2018
PNA/RCSI College of Continuing Professional Development
Quality Care-Metrics
Professional Development Planning Framework For Nurses and Midwives
News And Updates
Gleanntáin Ghlas’ GhaothDobhair
Out and About Visiting First Year Student Nurses
PNA Meeting with Minister for Mental Health, Mr Jim Daly
Useful Links
PNA Information
Pay And Pensions
HSE Information
Contact

The Psychiatric Nurses Association of Ireland,  Station House,
The Waterways, Sallins, Co Kildare. Tel +353 045 852300. Fax +353045 855750. E Mail. Info@pna.ie