Gleanntáin Ghlas’ GhaothDobhair

Ar mo rothar a bhí mé agus mé tuirseach tréachta, ag déanamh an turais ‘na scoile i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Stop me ag Siopa Mhicí chun sos a thógáil. Le linn domh bheith ag ithe m’uachtar reoite smaoinaigh mé ar na laethanta fadó a chaith mé sa Ghaeltacht mar bhuachaill óg. Ní raibh rudaí comh difriúil sin ag an am, mar a deirtear de ghnáth, ach bhí mé féin difriúil. Cinnte ní raibh suim agam sa Ghaeilge, bhí cúrsaí níos tábhachtaí le plé ar feadh trí seachtaine! Ach ar ndóigh, sin fadó fadó.
Tar éis na mblianta seo, is féidir liom anois ár dteanga náisuinta a mholadh. Is cuma liom anois faoin ‘arracht uafar’ sin darb ainm “an tuiseal ginideach”. Mar gheall ar an tuiscint níos fearr atá agam le déanaí ar ár gcultúr, ár stair, ár dtraidisiúin agus ár bhféiniúlacht, is féidir liom anois taitneamh a bhaint as na “cúpla focail” gan aon bhrú. Le sin, is rud speisialta í chun am a chaitheamh sa Ghaeltacht arís, go háirithe i gceantar Ghaoth Dobhair- ceantar an Earagail Aird, Oileán Ghabhla , Bád Eddie agus Clannad ar ndóigh!
Grúpa iontach measctha a bhí ag freastal ar an chúrsa liom- ón leibhéal Gaeilge a bhí acu go dtí an leibhéal Béarla. Bhí fear amháin ann ó Pharis nach raibh móran béarla aige agus fear eile ó New Jersey agus Gaeilge líofa ghalánta ag an bheirt acu! Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann a dhul ar ais go dtí an Ghaeltacht tar éis na mblianta seo go léir agus tá buíochas mór le gabháil leis an PNA as ucht an chranchuir bhliantúil a bhuaigh mé.
Bhí seachtain den scoth agam i nGaothDobhair agus tá mé ag tnúth go mór anois le mo thuras ar ais…
“D’fhág mé slán ar feadh seal, ag Dún nan Gall,
‘s ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.”